search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: '   glacfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index    glacfaidh:


whereas    glacfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 329

 

Airteagal 60

Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann

1.   Comhoibreoidh an príomhúdarás maoirseachta leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann i gcomhréir leis an Airteagal seo d'fhonn teacht ar chomhdhearcadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha ar fad a mhalartú lena chéile.

2.   Féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta iarraidh ar údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, cúnamh frithpháirteach a thabhairt de bhun Airteagal 61 agus féadfaidh siad oibríochtaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 62 a sheoladh, go háirithe chun imscrúduithe a dhéanamh nó chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart a bhaineann le rialaitheoir nó le próiseálaí atá bunaithe i gcríoch Bhallstáit eile.

3.   Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis ábhartha maidir leis an tsaincheist a chur in iúl, gan mhoill, do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Cuirfidh sé dréachtchinneadh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann gan mhoill chun a dtuairimí a fháil agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí atá acu.

4.   I gcás ina gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe in iúl laistigh de cheithre seachtaine i gcoinne an dréachtchinnidh tar éis don phríomhúdarás dul i gcomhairle leo i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta an t-ábhar faoi bhráid an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, mura leanann sé an agóid ábhartha agus réasúnaithe nó má mheasann sé nach bhfuil an agóid ábhartha ná réasúnaithe.

5.   I gcás inar meabhair leis an bpríomhúdarás maoirseachta an agóid ábhartha agus réasúnaithe atá déanta a leanúint, cuirfidh sé dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann lena dtuairim a fháil. Beidh an dréachtchinneadh athbhreithnithe sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 laistigh de thréimhse coicíse.

6.   I gcás nach gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid in aghaidh an dréachtchinnidh a thíolaic an príomhúdarás maoirseachta laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, measfar go bhfuil an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon intinn lena chéile maidir leis an dréachtchinneadh sin agus beidh siad faoina cheangal.

7.   glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh agus cuirfidh sé é sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus an Bord ar an eolas maidir leis an gcinneadh, lena n-áirítear achoimre ar na fíricí agus ar na forais ábhartha. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh gearán leis an gearánach ar an eolas maidir leis an gcinneadh.

8.   De mhaolú ar mhír 7, i gcás ina ndéanfar gearán a dhíbhe nó a dhiúltú, glacfaidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin agus tabharfaidh sé fógra don ghearánach maidir leis agus cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi.

9.   I gcás ina mbeidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon aigne maidir le codanna de ghearán a dhíbhe nó a dhiúltú, agus gníomhú maidir le codanna eile sa ghearán sin, glacfar cinneadh ar leithligh maidir le gach cuid den ábhar. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil leis an rialaitheoir, cuirfidh sé an méid sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí atá ar chríoch a Bhallstáit féin agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi, agus glacfaidh údarás maoirseachta an ghearánaigh an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le díbhe nó le diúltú an ghearáin sin, agus tabharfaidh sé fógra faoi don ghearánach sin, agus cuirfidh sé an rialaitheoir agus an próiseálaí ar an eolas faoi.

10.   Tar éis fógra a fháil maidir le cinneadh an phríomhúdaráis mhaoirseachta de bhun mhír 7, agus de bhun mhír 9, déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cinneadh maidir le gníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs a bhunaíochtaí go léir san Aontas. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí fógra don phríomhúdarás maoirseachta faoi na bearta a ghlacfar chun an cinneadh a chomhlíonadh agus cuirfidh an príomhúdarás sin na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann ar an eolas.

11.   In imthosca eisceachtúla ina measfaidh údarás maoirseachta go bhfuil gá práinneach le gníomhú chun leasanna na n-ábhar sonraí a chosaint, beidh feidhm ag an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 66.

12.   Cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann an fhaisnéis atá riachtanach faoin Airteagal seo ar fáil dá chéile trí mhodhanna leictreonacha agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

Airteagal 65

Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

más amhlaidh, i gcás dá dtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d'agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe. Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

(b)

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

(c)

I gcás nach n-iarrfaidh údarás inniúil maoirseachta tuairim an Bhoird sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 64(1), nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an Bhoird, a eisíodh faoi Airteagal 64, a leanuint. Sa chás sin, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a chur in iúl don Bhord.

2.   Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin.

3.   I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

5.   Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6.

6.   glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 72

Nós imeachta

1.   Déanfaidh an Bord a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

2.   glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus eagróidh sé a shocruithe oibríochtúla féin.


whereas

dal 2004 diritto e informatica